1 John 3:12 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ní do nós Cháin, noch do bhí ón droch spioruid, agus do mharbh a dhearbhráthair. Agus créd é an tadhbhar fár mharbh sé é? Do bhrígh go rabhadar a oibreacha féin go holc, agus oíbreacha a dhearbhráthar fíreunta.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
ní ar nós Cháin é, duine de chlainn na h‐ainspioraide do mharbh a dhearbhráthair. Agus cad chuige ar mharbh sé é? Toisc a oibreacha féin bheith go h‐olc, agus oibreacha a dhearbhráthar bheith fíréanta.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
agus gan bheith mar Cháin a bhí ón ainsprid agus a dhúnmharaigh a dheartháir. Agus cad chuige dó a dhúnmharú? As siocair a ghníomhartha féin a bheith olc, agus gníomhartha a dhearthár a bheith fíréanta.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ná bígí fearacht Cháin, ar den mhac mallachta é, agus a mharaigh a dheartháir féin. Agus cad chuige ar mharaigh sé é? Mar gurb éagórach a shaothar féin; ba shaothar cóir áfach saothar a dhearthár.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ná bígí fearacht Cháin, ar den mhac mallachta é, agus a mharaigh a dheartháir féin. Agus cad chuige ar mharaigh sé é? Mar gurb éagórach a shaothar féin; ba shaothar cóir áfach saothar a dhearthár.