1 John 3:15 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Gidh bé neach fhúathuigheas a dhearbhráthair as fear dúnmharbhtha é: agus atá a fhios aguibh nach déunann an bheatha marthannach comhnuighe a bhfear dúnmharbhtha ar bith.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Cibé duine go bhfuil fuath aige d’á bhráthair is dún‐mharbhthóir é: agus atá a fhios agaibh nach gcómhnuigheann an bheatha mharthannach i n‐aon dún‐mharbhthóir.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Gach duine ar fuath leis a bhráthair is dún-mharfóir é, agus tá a fhios agaibh nach bhfanann an bheatha shíoraí i seilbh aon dúnmharfóra.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
An té nach dtugann grá fanann sa bhás. Gach duine ar fuath leis a bhráthair féin is dúnmharfóir é. Agus tá a fhios agaibh nach sealbhaíonn aon dúnmharfóir an bheatha shíoraí go buan ann féin.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
An té nach dtugann grá fanann sa bhás. Gach duine ar fuath leis a bhráthair féin is dún-mharfóir é. Agus tá a fhios agaibh nach sealbhaíonn aon dún-mharfóir an bheatha shíoraí go buan ann féin.