1 John 3:2 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
A cháirde, as clann do Dhía sinn a nois, achd ní léir fós créd bhus sinn: gidheadh atá a fhios aguinn, an tan fhoillséochar eision, go mbíam cosmhuil ris; óir do chífeam é do réir mar atá sé.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
A cháirde ionmhaine, atáimid ’n‐ár gclainn Dé anois, agus níor foillsigheadh fós créad atá i ndán dúinn. Atá a fhios againn, nuair foillseochar é, go mbéidhmíd cosmhail leis; óir chífimíd é do réir mar tá sé.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
A lucht na páirte, is clann Dé sinn cheana; ní fheictear go fóill go soiléir cad é a bheas ann; ach tá a fhios againn an méid seo, go mbeimid cosúil leis nuair a nochtfas sé, mar feicfimid é mar atá sé.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
A chairde cléibh, is clann Dé cheana féin sinn, agus níor foilsíodh fós cé mar a bheimid; ach nuair a fhoilseofar é, is feasach sinn go mbeimid ina chosúlachtsan, mar go bhfeicfimid é mar atá sé.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
A chairde cléibh, is sinne clann Dé cheana féin, agus níor foilsíodh fós cé mar a bheimid; ach nuair a fhoilseofar é, is feasach sinn go mbeimid ina chosúlacht-san, mar go bhfeicfimid é mar atá sé.