1 John 3:21 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
A cháirde, muna ndáoruigh ar gcroidhe sinn, as éidir linn bheith dána ar Dhía.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
A cháirde ionmhaine, muna gcionntuigheann ár gcroidhe sinn, atá uchtach againn i bhfiadhnaise Dé;
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
A lucht na páirte, más rud é nach mbíonn ár gcroíthe dár ndaoradh, bíonn muinín againn roimh Dhia;
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
A chairde cléibh, mura gciontaíonn ár gcroí sinn táimid lánmhuiníneach as Dia.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
A chairde cléibh, mura gciontaíonn ár gcroí sinn táimid lánmhuiníneach as Dia.