1 John 4:15 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Gidh bé aídmheóchas gur ab é Iósa Mac Dé, atá Día na chomhnuighe ann, agus eision a Ndía.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Cibé duine admhóchas gur ab é Íosa Mac Dé, cómhnuigheann Dia ann, agus cómhnuigheann seisean i nDia.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Cibé duine a admhaíos gurb é Mac Dé é Íosa, cónaíonn Dia ann agus cónaíonn sé i nDia.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Cibé admhaíonn gurb é Íosa Mac Dé maireann Dia ann agus maireann seisean i nDia.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Cibé a admhaíonn gurb é Íosa Mac Dé maireann Dia ann agus maireann seisean i nDia.