1 John 5:11 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus a sí so an fhíadhnuise sin, go dtug Día an bheatha mharthannach dhúinne, agus is ann a Mhac atá an bheathasa.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus is í seo an fhiadhnaise, go dtug Dia an bheatha mharthannach dúinn, agus gur ’n‐a Mhac atá an bheatha so.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus is í seo an fhianaise, go bhfuil an bheatha shíoraí tugtha dúinn ag Dia, agus go bhfuil an bheatha seo ina Mhac.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Seo é brí na fianaise, gur thug Dia an bheatha shíoraí dúinn agus is ina Mhac atá an bheatha sin.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Seo é brí na fianaise, gur thug Dia an bheatha shíoraí dúinn agus is ina Mhac atá an bheatha sin.