1 John 5:13 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Do sgríobh mé na neithese chuguibhse a dhream chreideas a nainm Mhic Dé; chum a fheasa do bheith aguibh go bhfuil an bheatha mharthannach aguibh, agus ionnus go gcreidfeash sibh a nainm Mhic Dé.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Do scríobhas na neithe seo chugaibh‐se chreideas i n‐ainm Mhic Dé chum go mbéidh eolas agaibh go bhfuil an bheatha mharthannach agaibh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Tá seo scríofa agam chugaibhse a chreideas in ainm Mhac Dé, ionas go mbeidh a fhios agaibh go bhfuil an bheatha shíoraí agaibh.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Scríobh mé na nithe seo chugaibh go mbeadh fhios agaibh go bhfuil an bheatha shíoraí agaibhse a chreideann in ainm Mhic Dé.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Scríobh mé na nithe seo chugaibh go mbeadh a fhios agaibh go bhfuil an bheatha shíoraí agaibh-se a chreideann in ainm Mhac Dé.

Recommended Reading