1 John 5:16 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Dá bhfaicidh éinneach a dhearbhráthair ag peacughadh a bpeacadh nach bhfuil chum báis, íarraidh sé, agus do bhéura sé beatha don tí nach déun peacadh chum báis. Ata peacadh ann chum báis: ní air a shon sin a deirim leis guídhe.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Má chíonn aoinneach a bhráthair ag déanamh peacaidh nach bhfuil chum báis, iarrfaidh sé, agus bhéarfaidh Dia beatha dhó le h‐aghaidh na ndaoine nach ndéanann peacadh chum báis. Atá peacadh chum báis ann; ní abraim go mba cheart dó guidhe ar a shon sin.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Má fheiceann aon duine a bhráthair ag déanamh peaca nach marfach, iarrfaidh sé, agus tabharfaidh Dia dó an bheatha don dream sin nár mharfach a bpeaca. Tá an peaca ann atá marfach, níl mé ag rá gur choir guí ar a shonsan.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Má airíonn éinne a bhráthair ag déanamh peaca nach peaca chun báis é, cuireadh sé an duine sin faoi bhrí na guí agus tabharfaidh [Dia] dó an bheatha don dream nach peaca chun báis a bpeaca. Tá peaca ann ar peaca chun báis é; ní faoina leithéid sin a mholaim an ghuí a dhéanamh.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Má airíonn aon duine a bhráthair ag déanamh peaca nach peaca chun báis é, cuireadh sé an duine sin faoi bhrí na guí agus tabharfaidh Dia dó an bheatha don dream nach peaca chun báis a bpeaca. Tá peaca ann ar peaca chun báis é; ní faoina leithéid sin a mholaim an ghuí a dhéanamh.