1 John 5:18 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Atá a fhios aguinn gach neach atá ar na thuismeadh ó Dhía nach bpeacuigheann sé; achd an tí atá ar na thuismeadh ó Dhía, bí coimhéudach air féin, agus ní bheanann an droch spiorad ris.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Is eol dúinn, aoinneach do geineadh ó Dhia nach ndéanann sé peacadh; acht an té do geineadh ó Dhia, coimheádann sé féin é, agus ní bhfaghann an ainspioraid greim air.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Tá a fhios againn nach ndéanann aon duine dá bhfuil ginte ó Dhia peaca, ach go mbíonn an Té a gineadh ó Dhia á chosaint, agus nach mbaineann an ainsprid dó.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Tá fhios againn nach ndéanann aon duine dá bhfuil ginte ó Dhia aon pheaca mar go gcumhdaíonn an té a gineadh ó Dhia é agus ní thig leis an mac mallachta baint leis.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Tá a fhios againn nach ndéanann aon duine dá bhfuil ginte ó Dhia aon pheaca mar go gcumhdaíonn an té a gineadh ó Dhia é agus ní thig leis an mac mallachta baint leis.