1 John 5:20 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Achd atá a fhios aguinn go dtáinic Mac Dé, agus go dtúg sé tuigse dhúinn, ris an Día fhíre daithniughadh, agus atamuid sa Día fhíre sin, ann a Mhac Iósa Críosd. A sé so an fír-Dhía, agus an bheatha mharthannach.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus is eol dúinn go dtáinig Mac Dé, agus go dtug sé tuigsin dúinn chum an té atá fírinneach d’aithint, agus atáimíd‐ne san té atá firinneach, ’n‐a Mhac Íosa Críost.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus tá a fhios againn go bhfuil Mac Dé tagtha, agus go bhfuil tuiscint tugtha aige dúinn, leis an té atá fírinneach a aithint; agus táimid istigh sa té atá fíor, ina Mhac Íosa Críost. Is é sin is fíorDhia agus an bheatha shíoraí ann.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ach is feasach dúinn fós gur tháinig Mac Dé agus gur thug éirim dúinne le go n-aithnímis an té atá fíor. Agus mairimid sa té atá fíor, is é sin ina Mhac Íosa Críost.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ach is feasach dúinn fós gur tháinig Mac Dé agus gur thug éirim dúinne le go n-aithnímis an té atá fíor. Agus mairimid sa té atá fíor, is é sin ina Mhac Íosa Críost.