1 John 5:6 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
A sé so an tí tháinic tré uisge agus tré fhuil, Iósa Críosd; ní tré uisge amháin, achd tré uisge agus tré fhuil. Agus a se an Spiorad do ní dfíadhnuise, gur fírinne an Spiorad.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Is é Íosa Críost an té tháinig tré uisce agus tré fhuil: ní h‐é tríd an uisce amháin, acht tríd an uisce agus tríd an fhuil.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Is é seo an té a tháinig le huisce agus le fuil, Íosa Críost, ní leis an uisce amháin, ach leis an uisce agus leis an bhfuil.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Sé Íosa Críost an té a tháinig le huisce agus le fuil agus leis an Spiorad. Ní leis an uisce amháin ach leis an uisce agus leis an bhfuil; agus tá an Spiorad ag tabhairt fianaise, mar gurb í an fhírinne an Spiorad.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Is é Íosa Críost an té a tháinig le huisce agus le fuil agus leis an Spiorad. Ní leis an uisce amháin ach leis an uisce agus leis an bhfuil; agus tá an Spiorad ag tabhairt fianaise, mar gurb í an fhírinne an Spiorad.