1 John 5:9 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Dá ngabham chuguinn fíadhnuise dáoineadh, as mó na sin fíadhnuise Dé: óir a sí so fíadhnuise Dé noch do rinne sé dfíadhnuise a dtáobh a Mhic.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Má ghlacaimíd le fiadhnaise na ndaoine, is mó ’ná sin fiadhnaise Dé: óir is í fiadhnaise Dé, go dtug sé fiadhnaise i dtaobh a mhic.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Má ghlacaimid le fianaise daoine, is mó í fianaise Dé ná í; óir is í seo fianaise Dé gur thug sé fianaise ar a Mhac.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Má ghlacaimidne le fianaise dhaonna is treise arís fianaise Dé; agus is é seo fianaise Dé gur thug sé teastas gurb é a Mhac é.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Má ghlacaimidne le fianaise dhaonna is treise arís fianaise Dé; agus is é seo fianaise Dé gur thug sé teastas gurb é a Mhac é.