1 Kings 10:13 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus thug an rígh Solamh do bhaínríoghain Shéba a míana uile, gidh bé ar bith ní díarr sí, táobh amuigh dhá ttug an rígh Solamh dhi dá thiodhlaicibh ríoghamhla féin. Marsin dfill sí, agus do chuáidh dá tír féin, í féin agus a muinntir.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus bhronn Solamh rí ar bhanríon Sheabá gach arbh áil léi, agus bronntanais le barr a fhéile ríoga féin chomh maith. Ansin d' imigh sí léi abhaile chun a tíre féin, í féin agus a searbhóntaí.