1 Kings 10:5 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus biádh a bhuird, agus suidhe a sherbhíseach, agus miniostralachd a luchd fritheoilte, agus a néuduighe, agus fós a ghiolluighe cupáin, agus a dhul súas mar a ttíagh súas go tigh an TIGHEARNA; ní raibh nios mó do spioruid inte.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
bia a bhoird agus an chóir a bhí ar a oifigigh, eagrú a lucht freastail agus an feisteas a bhí orthu, lucht iompair na gcorn aige agus na híobairtí dóite a d' ofráladh sé i dTeampall an Tiarna, baineadh stangadh aisti,