1 Kings 11:33 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Do chionn gur thréigiodar mé, agus gur ádhradar Astarot baindía na Sidónianach, Chémos diá na Moabíteach, agus Milcom día chloinne Ammon, agus nar shiubhluigheadar ann mo shlighthibhsi, do dhéanamh an neithe is ceart ann mo radharc, agus mo reachda do choimhéud agus mo bhretheamhnuis, mar do rinne Dáibhi a athair.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
mar gur thréig sé mé agus gur thug sé ómós d' Aisteárat bandia na Síodónach, agus do Chamóis dia Mhóáb, agus do Mhiolcom dia na nAmónach; níor lean sé mo bhealaí, agus an ceart a dhéanamh i mo láthair, ná mo dhlíthe ná mo reachtarnna a chomhlíonadh mar a rinne Dáiví a athair.