1 Kings 12:18 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ann sin do chuir an rígh Rehoboam Adoram, noch do bhí ós cionn an chíosa; agus do chlochadar Israel uile é le clochaibh, go bhfúair sé bás. Uimesin do rinne an rígh Rehoboam deithneas do dhul súas ann a charbad, do theitheamh go Hierusalem.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ansin chuir Rachabám rí uaidh Adorám a bhí i bhfeighil lucht an tsaothair éigeantaigh, ach chuir na hIosraelaigh go léir chun báis de chlocha é; ansin bhrostaigh Rachabám agus phreab ina charbad agus theith go Iarúsailéim.