1 Kings 12:20 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus tárla, a nuáir do chúalada Israel uile Ieroboam do theachd a rís, gur chuireadar fios agus gur ghoireadar air chum an chomhchruinnigh, agus go ndéarnadar rígh dhe ós cionn Israel uile: ní raibh éanduine ag leanmhuinn tigh Dháibhi, achd treabh Iúdah amháin.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Nuair a chuala Iosrael go léir go raibh Iarobám ar ais, ghlaodar air chun an chomhthionóil agus rinneadar rí de ar Iosrael go léir. Níor fhan aon duine dílis do theaghlach Dháiví ach treibh Iúdá amháin.