1 Kings 12:32 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus dórduigh Ieroboam féusta annsa nochdmhadh mí, ar an ccúigeadh lá déug don mhí, samhuil an nféasta bhíos ann Iúdah, agus dofráil sé ar a naltóir. (Marsin do rinne sé a Mbétel) ag déanamh íodhbartha do na láoghuibh do rinne sé: agus do shuighidh sé a Mbétel sagairt na náiteach ard do rinne sé.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Lena chois sin bhunaigh Iarobám féile san ochtú mí, ar an gcúigiú lá déag den mhí, ar nós na féile a cheiliúrtaí in Iúdá, agus chuaigh sé suas chun na haltóra. Sin mar a rinne sé i mBéitéil, agus d' ofráil sé íobairtí do na laonna a bhí déanta aige. Agus chuir sé i mBéitéil sagairt na n-ardionad a bhí bunaithe aige.