1 Kings 13:26 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
¶ Agus an tan do chuálaidh an fáigh thug ar a ais é ón tslighe, a dubhairt, Sé óglach Dé é, do bhi easumhal do bhreithir an TIGHEARNA: ar a nadhbharsin do thoirbhir an TIGHEARNA don leomhan é, noch do réub é, agus do mharbh é, do réir bhreithre an TIGHEARNA, noch do labhair sé ris.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus nuair a chuala an fáidh, a chuir d' iallach ar an bhfear filleadh ar ais, ina thaobh, dúirt sé: «Sé an giolla Dé é, a bhí easumhal d' ordú an Tiarna! Thug an Tiarna suas don leon é, agus rinne seisean é a stolladh agus a mharú, de réir an bhriathair a labhair an Tiarna leis.»