1 Kings 13:6 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do fhreagair an rígh, agus a dubhairt ré hoglach Dé, Cuir impidhe anois ar aghaidh do THIGHEARNA Dé, agus guidh ar mo shonsa go naisiocthar mo lámh dhamh a rís. Agus do ghuidh óglach Dé an TIGHEARNA, agus do haisígeadh a lámh a rís don rígh, agus do bhí sí mar dó bhí riomhe.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Dúirt an rí leis an ngiolla Dé: «Iarr fabhar an Tiarna do Dhia arís (agus guigh orm) ionas go bhfaighidh mé lúth mo láimhe ar ais.» Agus chuir an giolla Dé a impí chun an Tiarna, agus fuair an rí ar ais lúth a láimhe agus bhí sí mar a bhí roimhe sin.