1 Kings 14:10 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ar a nadhbharsin, féuch, do bhéara misi olc ar thigh Ieroboam, agus gearrfa mé amach ó Ieroboam an té mhúnus a naghaidh an bhaila, agus an té do cuireadh fá íadhadh agus do fágbhadh ann Israel, agus do bheara mé liom fuighioll tighe Ieroboam, mar bheirios duine aóileach leis, nó go nimthighidh sé uile.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Dá bharr sin tabharfaidh mé tubaiste ar theach Iarobám; scriosfaidh mé gach mac máthar de mhuintir Iarobám, idir dhaor is shaor in Iosrael; scuabfaidh mé teaghlach Iarobám chun siúil faoi mar a scuabann duine aoileach chun siúil go dtí nach mbíonn ruainne fágtha.