1 Kings 14:9 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Acht go ndéarna tú olc nios mo nó éanduine dá ttáinic romhad: óir do imthigh tú agus do rinne tú dhuit féin dée oile, agus íomhaighe leaghtha, dom bhrostughadhsa chum feirge, agus do theilg tú misi táobh shiar dot dhruim:
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Rinne tusa olc thar mar a rinne ar tháinig romhat; mar d' imigh tú leat agus rinne tú déithe eile duit féin, íomhánna de mhiotal leáite, rud a chuir fearg orm; agus thug tú droim láimhe liom.