1 Kings 16:31 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus tárla, amhuil agus budh ní éattrom dósan siubhal a bpeacadhuibh Ieroboam mhic Nébat, go ttug sé Iesebel inghean Etbaal rígh ná Sidonianach na mnáoi, agus do imthigh agus do rinne serbhís do Bháal, agus do adhuir sé dhó.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ba é ba lú a rinne sé ná aithris a dhéanamh ar Iarobám mac Nabát; phós sé Ízeibil iníon Eatbál rí na Síodónach, agus ansin chrom sé ar fhónamh do Bhál agus é a adhradh.