1 Kings 18:10 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Mar mhairios do THIGHEARNA Día, Ní bhfuil críoch nó rioghachd, nach ar chuir mo thighearna íarruidh ort ann: agus a nuáir a deirdís, Ní bhfuil sé annsin; do bhameadh sé mionna don chrích nó don rioghacht, nach bhfúaradar thú.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Dar an Tiarna do Dhia beo, níl aon chine ná ríocht nár chuir mo thiarna tóir ort ann; agus nuair a deiridís: 'Níl sé anseo,' chuireadh sé an ríocht nó an náisiún faoi mhionn nach raibh tú faighte acu.