1 Kings 18:27 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus tárla san meadhon láoi, go ndeárna Elias magadh orra, agus go ndubhairt sé, Goiridh go hárd: óir is día é; ceachtar dhíobh atá sé ag caint, nó atá sé ag tóruigheachd, nó áta sé iona aistior, nó do bféidir gur na chodhla atá sé, agus go ccaithfidhe a dhúsgadh.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Tháinig an meán lae agus bhí Éilias ag magadh fúthu: «Glaoigí níos airde,» ar seisean, «mar is dia é; tá sé gafa nó cruógach, nó imithe ar thuras, nó b' fhéidir gur ina chodladh atá sé agus nach mór é a dhúiseacht.»