1 Kings 19:13 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus is amhluidh bhí, a nuáir do chúaluidh Elias é, annsin dfoluigh sé a aghaidh iona fhalluing, agus do chúaidh amach, agus do sheas a ndul a steach na húamha. Agus, féuch, tháinic guth chuige, agus a dubhairt, Cred do ní tú annso, a Elias?
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Nuair a chuala Éilias é sin, chlúdaigh sé a aghaidh lena chlóca; chuaigh sé amach agus sheas sé i mbéal na huaimhe. Tháinig guth chuige á rá: «Cad tá tú a dhéanamh anseo, a Éilias?»