1 Kings 2:22 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do fhreagair an rígh Solamh agus a dubhairt ré na mhathair, Agus cred fá níarrann tusa Abisag an Sunamiteach do Adoniiah? íarr an rioghachd dó mar an gcéadhna; óir is é mo dhearbhrathair is sine é;) eadhon dó féin, agus do Abiatar an sagart, agus do Ióab mac Seruiah.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
D' fhreagair Solamh rí a mháthair: «Cad faoi deara duit Aibíseag ó Shiúnaem a lorg d' Adoiníá mar bhean? Tá sé chomh maith agat an ríocht a lorg dó chomh maith; mar sé mo dheartháir is sine é, agus tá Aibíátár an sagart agus Ióáb mac Zarúá ar a thaobh.»