1 Kings 2:30 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus thainic Benaiah go tabernacuil an TIGHEARNA, agus a dubhairt ris, As marso a deir an rígh, Tarr amach. Agus a dubhairt sesion, Ni rachad; achd do gheabha mé bás annso. Agus thug Benaiah scéula chum an rígh a ris, dha rádh, Marso a deir Ioab, agus marso do fhreagair se misi.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Chuaigh Banáiá dá bhrí sin go both an Tiarna. «Ar ordú an rí,» ar sé, «tar amach!» «Ní dhéanfaidh mé,» ar seisean, «gheobhaidh mé bás anseo.» Thug Banáiá scéala ar ais chun an rí: «A leithéid seo a dúirt Ióáb, agus sin é an freagra a thug sé orm.»