1 Kings 2:42 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do chuir an rígh gairm ar Shímei, agus a dubhairt sé ris, Nach dtug misi ortsa mionnughadh fan TTIGHEARNA, agus nach ar dhearbh mé dhuit, dha rádh, Bíodh a deimhin agad go dearbhtha, an lá rachas tú amach, agus imtheochus tú ann so nó ann súd, do gheabha tú bás go deimhin? agus a dubhairt tusa riom, An focal do chúala mé is maith é.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Chuir an rí fios ar Shimeí agus dúirt leis: «Nár chuir mé d' iallach ort mionn a thabhairt dar an Tiarna, agus nár thug mé rabhadh sollúnta duit á rá: 'An lá a imeoidh tú agus a rachaidh tú in aon bhall ar bith eile, bí cinnte go bhfaighidh tú bás gan aon agó'? Agus dúirt tú liom: 'Tá go maith. Géillim duit.'