1 Kings 20:7 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ann sin do ghoir rígh Israel sinnsir na críche uile, agus a dubairt, Guidhim sibh, comharthuigh, agus féuchaidh mar íarrus an fearsa urchoíd: óir do chuir sé fios chugamsa ar mo mhnáibh, agus ar mo chloinn, agus ar mairgiod, agus ar mo chuid óir; agus níor dhiúlt mé é.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Chuir rí Iosrael tionól ar sheanóirí uile na tíre agus dúirt: «Is léir daoibh anois mar atá an fear seo ag adhaint trioblóide; chuir sé fios ar mo mhná agus ar mo leanaí, ar mo chuid airgid agus óir, agus níor dhiúltaigh mé dó.»