1 Kings 3:26 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ann sin do labhair an bhean ler leis an leanabh béo ris an rígh, (oir do bhí a hionathar ar crioth fá na mac féin), agus a dubhairt sí, O mo thighearna, tabhair dhise an leanabh béo, agus ná marbh é air eanchor. Achd a dubhairt an bhean oile, Ná bíodh sé agamsa nó agadsa, achd róinntear é.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ansin, an bhean ar léi an leanbh beo, labhair sí leis an rí mar bhí a croí á shnoí inti le trua dá mac: «Tabhair di an leanbh beo, le do thoil, a thiarna,» ar sí, «agus ná déan é a mharú ar aon chor.» Ach dúirt an bhean eile: «Ná bíodh sé agamsa ná agatsa, ach roinn é.»