1 Kings 3:6 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus a dubhairt Solamh, Do thaisbéin tú dot shearbhfhoghantuigh Dáibhi mathair trócaire mhór, do réir mar do shiubhail sé ad fhiadhnuise a bhfírinne, agus a ndioghruis, agus a bhfíreantachd croidhe maille riotsa; agus do choimhéud tú dhó an cinéul mórso, go ttug tú dhó mac do shuidhe iona chathaoir ríogha, mar atá a niugh.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
D' fhreagair Solamh: «Thaispeáin tú barr cineáltais agus buanghrá do do shearbhónta Dáiví, m' athair, nuair a bhí sé ag caitheamh a bheatha faoi chuing na dílseachta agus na córa agus an ionracais chroí i do láthair; bhuanaigh tú an sárchineáltas agus an buanghrá sin dó nuair a thug tú mac le bheith ina shuí ina ríchathaoir inniu.