1 Kings 5:6 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Anois ar a nadhbharsin tabhair aithne go ngéarrfaid damhsa crainn cédair an Lebanon; agus béid mo shearbhfhoghantuighidhsi maille led shearbhfhoghantaibhse: agus do bhéara mé tuárusdal do sherbhiseach dhuitse do réir gach a noirdeocha tú féin: óir ata a fhios agad nach bhfuil eadruinne dáoine aga bhfuil eólus ar adhmad do ghearradh cosmhuil ris na Sidónianachaibh.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
20 Cuir céadair na Liobáine á ngearradh dom; déanfaidh mo shearbhóntaíse comhar le do shearbhóntaíse, agus díolfaidh mise tuarastal do shearbhóntaíse leat de réir cibé ráta a shocróidh tusa. Níl aon duine againne chomh hoilte ar leagan crann agus atá na Síodónaigh, mar is eol duit.»