1 Kings 6:24 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do bhí cúig cubhaid a sciathán don cherubín, agus cúig cubhaid ansa sciathán oile don cherubín: ón ccuid dob fhaide amach daon sciathán go nuige an ccuid dob fhaide amach don sciathán oile do bhádar déich ccubhaid.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Bhí sciathán den cheiribín cúig bhanlámh ar fhad, agus an sciathán eile den cheiribín cúig bhanlámh ar fhad; bhí sé deich mbanlámh ó rinn sciatháin go dtí rinn sciatháin eile.