1 Kings 8:33 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
¶ A núair bhuailfighear do phobal Israel síos roimhe an namhuid, do chionn gur pheacuigheadar ad aghaidhsi, agus go bhfillfid a rís chugad, agus go naidmheochuid hainm, agus go nguidhfid, agus go ndéanuid gearán riotsa annsa tighse:
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
34 Nuair a bhéarfaidh an namhaid an bua ar do phobal Iosrael mar gur pheacaigh siad i d' aghaidh, má iompaíonn siad ar ais chugat, agus d' ainm a mholadh, agus idirghuí agus impí a dhéanamh chugat, sa teach seo,