1 Kings 8:48 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus marsin má fhillid chugadsa le na nuile croidhe, agus le na nuile anam, a ttír a námhad, noch rug leó a láimh íad, agus go nguidhfid chugadsa a leith ré na ndúithche féin, noch thug tú dá naithribh, ris an cathruigh do thogh tú, agus ris an tigh do thóg misi dot aínm:
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
49 agus má iompaíonn siad ar ais chugat ó chroí go hiomlán agus ó anam go hiomlán, i dtír a naimhde, an mhuintir a rug leo ina ndaoir iad, agus má chuireann siad achainí chugat agus a n-aghaidh i dtreo na tíre a thug tú dá sinsir, i dtreo na cathrach a thogh tú, agus i dtreo an Teampaill a thóg mé do d' ainm,