1 Kings 9:25 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
¶ Agus trí huáire san mblíadhuin do íodhbuir Solamh ofrála loisge agus ofrála síothchána ar a naltóir do rinne sé don TIGHEARNA, agus do loisg sé túís ar analtóir do bhí a bhfíadhnuise an TIGHEARNA. Mar sin do chríochnuigh sé an tigh.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
D' ofráladh Solamh íobairtí uileloiscthe agus íobairtí comaoineach trí huaire sa bhliain ar an altóir a thóg sé don Tiarna, agus dhódh sé túis don Tiarna, agus choinnigh sé slacht ar an Teampall.