1 Kings 9:8 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus an tighso, atá comhard sin, biáidh úamhan ar gach éanduine dá ngeabhaidh láimh ris, agus béid ag fiosurnuigh; agus a déarúid, Cred fá ndéarna an TIGHEARNA so ris a ndúithchesi, agus ris án ttighso?
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus maidir leis an Teampall seo, déanfar leachtán de; cuirfidh sé alltacht ar gach duine a ghabhfaidh thar bráid; ligfidh siad fead agus déarfaidh siad: 'Cén fáth ar thug an Tiarna an cor seo ar an tír agus ar an Teampall seo?'