1 Peter 1:10 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
An slánughadh ar a ndearnadar na fáidhe lórgaireachd agus cúartughadh, noch do rinne fáidheadóireachd ar an ngrás do thiucfadh chuguibhse:
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Na fáidhe do rinne tarngaireacht fá’n ngrása do bhí le teacht chugaibh, d’fhiosruigh agus do chuarduigh siad go dícheallach i dtaobh an tslánuighthe úd:
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Na fáithe a dhéanadh tairngreacht i dtaobh an ghrásta a bhí i ndán daoibh, bhíodh an slánú sin á shiortú agus á scrúdú acu;
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Na fáithe a thairngir faoin ngrásta a bhí i ndán daoibhse, is faoin slánú seo a rinne siad cuardach agus grinncheistiú.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Na fáithe a thairngir faoin ngrásta a bhí i ndán daoibhse, is faoin slánú seo a rinne siad cuardach agus grinncheistiú.