1 Peter 1:12 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Dár foillsigheadh, nach dóibh féin achd dúinne do dhéunaidís miniosdrálachd na neitheann, atá a nois ar na bhfoillsiughadh dhíbhse leis an druing lér seanmóruigheadh an soisgéul díbh trés an Spiorad náomh do cuireadh ó neamh a núas; na neithe is mían ris na hainglibh fhaicsin.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Do nochtadh dhóibh, nach dóibh féin, acht daoibh‐se do bhíodar ag dáileadh na neithe úd atá curtha i dtuigsin daoibh anois aca‐san do sheanmóir an soiscéal daoibh tríd an Spiorad Naomh do cuireadh ó neamh; neithe is mian le h‐ainglibh a scrúdú.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus nochtadh dóibh nach dóibh féin ach daoibhse a dʼíhón siad, sna nithe sin a bhí á n-insint daoibh ag an dream a thug an soiscéal chugaibh tríd an Naomh-Spiorad a cuireadh síos ó neamh, na nithe sin ar mhian leis na haingil amharc a fháil orthu.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Foilsíodh dóibh nach dóibh féin a bhí siad ag fónamh ach daoibhse i gcás na nithe atá fógraithe daoibhse anois acu siúd a chraol an dea-scéal daoibh le cabhair an Spioraid Naoimh a seoladh ó neamh, nithe a mbíonn na haingil féin ag tnúth le sracfhéachaint a fháil orthu.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Foilsíodh dóibh nach dóibh féin a bhí siad ag fónamh ach daoibhse i gcás na nithe atá fógraithe daoibhse anois acu siúd a chraol an dea-scéal daoibh le cabhair an Spioraid Naoimh a seoladh ó neamh, nithe a mbíonn na haingil féin ag tnúth le srac-fhéachaint a fháil orthu.