1 Peter 1:13 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Uime sin ar gcreasrughadh leasruigh bhur ninntinne dhibh, maille ré measarrghachd, bíodh dóchas diongmhálta aguibh as an ngrás atá ar na thabhairt chuguibh a dtaisbéunadh Iósa Críosd;
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
D’á bhrigh sin, ag teannadh bhur n‐intinne, bidhidh stuama, agus bíodh bhur súil go h‐iomlán leis an ngrása tiubharfar daoibh le foillsiú Íosa Críost;
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Bíodh mar sin bhur gciall á cóiriú agus á crioslú agaibh, bígí go stuama staidéartha, agus iomlán muiníne agaibh as an ngrásta atá le teacht chugaibh nuair a thaispeánfar Íosa Críost.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Dá bhrí sin cuirigí bhur n-aigne i gcóir chun oibre, bígí stuama, agus bíodh bhur muinín go hiomlán as an ngrásta a dháilfear oraibh nuair a fhoilseofar Íosa Críost.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Dá bhrí sin cuirigí bhur n-aigne i gcóir chun oibre, bígí stuama, agus bíodh bhur muinín go hiomlán as an ngrásta a dháilfear oraibh nuair a fhoilseofar Íosa Críost.