1 Peter 2:16 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Mar dhaóine sáora, agus ní mar an druing agá bhfuil an tsaóirse na brat foluidhthe a nuilc, achd mar shearbhfhoghantuighidh Dé.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
mar shaor‐dhaoine, agus gan úsáid do bhaint as bhur saoirse chum clúdach do chur ar olcas, acht mar sheirbhísigh Dé.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Bíodh saoirse agaibh, ach saoirse faoi chuing Dé nach bhfuil ina leithscéal chun peacaí.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Déanaigí sibh féin a iompar mar shaoráin, gan an tsaoirse a bheith mar bhrat ar an olc agaibh, ach sibh a mhaireachtáil mar a bheadh daoráin Dé.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Déanaigí sibh féin a iompar mar shaoir, gan an tsaoirse a bheith mar bhrat ar an olc agaibh, ach sibh a mhaireachtáil mar a bheadh daoir Dé.