1 Peter 2:19 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Oír is ní so is fíu buidheachas, dá niomchruidh neach doilgheas ar son coinnsiáis chum Dé, ag fulang na héugcóra.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Óir is maith an nidh é, má fhoidhnigheann duine le doghrainn ar son Dé, ag fulang san éagcóir.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Mar is maith an mhaise é don té sin a ghlacas go foighneach le pianta a chuirtear air go héagórach ar ghrá Dé.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Óir is é a thuilleann gnaoi, má iompraíonn duine pianta ag fulaingt go héagórach ach Dia os comhair a aigne aige.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Óir is é a thuilleann gnaoi, má iompraíonn duine pianta ag fulaingt go héagórach ach Dia os comhair a aigne aige.