1 Peter 3:15 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Achd náomhuígh an Tíghearna Día ann bhur gcróidhthibh: Agus bíghidh ullamh do ghnáth lé freagra thabhairt uáibh do gach aóinneach shireas oruibh réusun na muinighne atá aguibh maille ré ceannsachd agus ré faitcheas:
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
acht naomhuighidh Críost mar Thighearna ’n‐bhur gcroidheachaibh: agus sibh ullamh i gcómhnaidhe chum freagra do thabhairt do gach duine iarras fios fátha an dóchais atá ionnaibh:
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
ach tugaigí urraim bhur gcroíthe do Chríost mar Thiarna. Bígí réidh in am ar bith le freagra a thabhairt ar an té a fhiafraíos díobh cé an t-údar atá leis an dóchas sin atá agaibh, ach é a thabhairt go cneasta critheaglach;
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Bíodh urraim in bhur gcroí istigh agaibh do Chríost mar Thiarna. Bígí réidh i gcónaí le cosaint a dhéanamh in aghaidh aon duine a iarrann oraibh bonn a thabhairt leis an dóchas atá ionaibh; ach déanaigí amhlaidh le cneastacht agus le hurraim,
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)