1 Peter 3:18 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Oír do fhulaing Críosd fós éunuáir amháin ar son na bpeacadh, an firéun ar son na neimhfhiréun, ionnus go dtiubhradh sinne chum Dé, do bhásuigheadh é a dtáobh na colla, achd do béodhaigheadh é ris an Spioruid:
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Óir d’fhulaing Críost féin, aon uair amháin, ar son na bpeacaidhe, an fíréan i n‐éiric na neimhfhíréan, chum sinn do thabhairt chum Dé; d’á chur chum báis san bhfeoil, acht d’á bheodhadh san spiorad;
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Mar fuair Críost bás aon uair amháin ar son ár bpeacaí, agus dʼfhulaing an fíréan ar son na neamhfhíréan, ionas go dtabharfadh sé chun Dé sinn, agus é á chur chun báis i gcolainn, ach á bheoú sa spiorad;
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Óir fuair Críost bás an t-aon uair amháin i ngeall ar pheacaí, an fíréan thar ceann na neamhfhíréan, d' fhonn sinn a thabhairt i láthair Dé. Básaíodh é sa cholainn, ach rinneadh beo é sa spiorad
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Óir fuair Críost bás an t-aon uair amháin i ngeall ar pheacaí, an fíréan thar ceann na neamhfhíréan, dʼfhonn sinn a thabhairt i láthair Dé. Básaíodh é sa cholainn, ach rinneadh beo é sa spiorad