1 Peter 3:21 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
A ní fós ré dtig an baisdeadh ré sáothar sinne a nois ag freagra na heísiomplara sin (ní hé cur uáinn shalchair na colla, achd fiarfuidhe dheaghchoinsiáis a dtáobh Dé,) tré eiséirghe Iósa Criosd.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Is é a shamhail sin an baiste shlánuigheas sinne anois, ní h‐é glanadh salachair an chuirp, acht freagairt deagh‐choinsiais do Dhia, tré aiséirghe Íosa Críost;
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Is é an baiste atá ag freagairt di sin, a tharrthaíos sibhse anois, nach é glanadh salachar coirp é, ach éileamh coinsiasa ghlain ar Dhia, trí aiséirí Íosa Críost,
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
An baisteadh atá ag freagairt dó sin, mar shamhail. Déanann sé sibhse a shlánú anois, agus ní mar ghlanadh salachair choirp é, ach mar impí chun Dé ar son coinsiasa ghlain trí aiséirí Íosa Críost.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
An baisteadh anois atá ag freagairt dó sin, anois, mar shamhail. Déanann sé sibh-se a shlánú anois, agus ní mar ghlanadh salachair choirp é, ach mar impí chun Dé ar son coinsiasa ghlain trí aiséirí Íosa Críost.