1 Peter 4:11 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Má labhrann éanneach, lábhradh mar bhríáthra Dé; má ní éainneach miniosdrálachd, déunadh í réir na hacfuinne bheir Día úadh: ionnus go bhfuighe Díá glóir sna huile neithibh tré Iósa Críosd; agá bhfuil glóir agus cumhachda go sáoghal na sáoghal. Amén.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Má labhrann aoinneach, labhradh sé mar bhéadh sé ag labhairt briathar Dé; má ghníonn aoinneach miniostrálacht, déanadh sé é do réir an chumais do‐bheir Dia: chum glóir ins an uile nidh do thabhairt do Dhia tré Íosa Críost, ag a bhfuil an ghlóir, agus an chumhacht go saoghal na saoghal. Amen.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
an té a labhraíos, mar a labhródh béal Dé; an té a dhéanas seirbhís, déanadh sé í leis an gcumhacht a sholáthraíos Dia dó; ar modh go dtugtar glóir do Dhia trí Íosa Críost i ngach aon ní. Is leis atá an ghlóir agus an chumhacht go saol na saol. Áiméan.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Má labhraíonn duine, déanadh sé amhlaidh amhail is gur oracail ó Dhia a bhíonn á dtabhairt aige; má dhéanann duine friotháil, déanadh amhail is gur tríd an neart a bhronnann Dia é, ionas go dtabharfaí glóir do Dhia i ngach ní trí Íosa Críost dar dual glóir agus réimeas le saol na saol. Amen.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Má labhraíonn duine, déanadh sé amhlaidh amhail is gur oracail ó Dhia a bhíonn dá dtabhairt aige; má dhéanann duine friotháil, déanadh amhail is gur tríd an neart a bhronnann Dia é, ionas go dtabharfar glóir do Dhia i ngach ní trí Íosa Críost dar dual glóir agus réimeas le saol na saol. Áiméan.