1 Peter 5:9 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Cuiridhse na aguidh ar mbeith dhíbh láidir a gcreideamh, ar mbeith a fheasa aguibh go gcoimhlíontar na buáidheartha céudna sa gcuid eile dá bhur ndearbhraithribh atá sa tsáoghal.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Seasuighidh ’n‐a aghaidh‐sean go daingean, creidmheach, agus a fhios agaibh go bhfuil an céasadh céadna d’á chur ar bhur mbráithribh atá san saoghal.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Seasaigí amach ina éadan, go daingean in bhur gcreideamh, ós feasach daoibh go mbíonn ar bhur mbráithre ar fud an domhain na pianta céanna sin a fhulaingt.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Seasaigí an fód ina aghaidh agus sibh daingean sa chreideamh, agus a fhios agaibh go bhfuil sé i ndán do bhur mbráithre ar fud an domhain na nithe céanna a fhulaingt.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Seasaigí an fód ina aghaidh agus sibh daingean sa chreideamh, agus a fhios agaibh go bhfuil sé i ndán do bhur mbráithre ar fud an domhain na nithe céanna a fhulaingt.