1 Samuel 10:1 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
An sin do ghlac Samuel soitheach ola, agus do dhóirt air a cheann é, agus do phóg é, agus a dubhairt, Nach uime dungaidh an TIGHEARNA thu chum bheith ad chaiptín ós cionn a oighreachda?
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Thóg Samúéil soitheach ola ansin agus dhoirt ar cheann Shóil é agus phóg é agus dúirt: «Nach ndearna an Tiarna thú a ungadh le go mbeifeá i do thaoiseach [ar do phobal Iosrael? Rialóidh tú pobal an Tiarna agus saorfaidh tú iad ó chumhacht a naimhde atá ina dtimpeall. Beidh sé seo mar chomhartha] agat gur cheap an Tiarna thú i do thaoiseach ar a oidhreacht.