1 Samuel 10:3 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ann sin rachaidh tú ar haghaidh as sin, agus tiucfa tú go réidhteach Tábor, agus teigeomhuid triúr feár dhuit annsin ag dul súas go Día go Bétel, duine dhiobh ag iomchar trí meannán, duine eile ag iomchar thrí mbuilín aráin, agus duine eíle ag iomchar buidéil fíona:
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ar aghaidh leat ón áit sin agus tiocfaidh tú go Dair Thábór, mar a mbuailfidh tú le triúr fear ar a slí suas chun Dé i mBéitéil; beidh trí mheannán á n-iompar ag duine díobh, trí bhuilín aráin ag duine eile, agus seithe fíona ag an tríú duine.